| 'S é'n trua nach mise, nach mise
|
| 'S é'n trua nach mise bean Pháidín
|
| 'S é'n trua nach mise, nach mise
|
| 'S an bhean atá aige bheith caillte
|
| Rachainn go Gallaí go Gallaí
|
| Is rachainn go Gallaí le Pháidín
|
| Rachainn go Gallaí go Gallaí
|
| Is thiocfainn abhaile sa mbád leis
|
| 'S é'n trua nach mise, nach mise
|
| 'S é'n trua nach mise bean Pháidín
|
| 'S é'n trua nach mise, nach mise
|
| 'S an bhean atá aige bheith caillte
|
| Rachainn go haonach an Chlocháin
|
| Is siar go Béal Á' na Báighe
|
| Bhreathnóinn isteach tríd an bhfuinneog
|
| A' súil is go bhfeicfinn bean Pháidín
|
| 'S é'n trua nach mise, nach mise
|
| 'S é'n trua nach mise bean Pháidín
|
| 'S é'n trua nach mise, nach mise
|
| 'S an bhean atá aige bheith caillte
|
| Go mbristear do chosa, do chosa
|
| Go mbristear do chosa 'bean Pháidín
|
| Go mbristear do chosa, do chosa
|
| Go mbristear do chosa 's do chnámha
|
| 'S é'n trua nach mise, nach mise
|
| 'S é'n trua nach mise bean Pháidín
|
| 'S é'n trua nach mise, nach mise
|
| 'S an bhean atá aige bheith caillte
|
| Chaith mé mo bhróga, mo bhróga
|
| Chaith mé mo bhróga i ndiaidh Pháidín
|
| Chaith mé mo bhróga, mo bhróga
|
| Chaith mé na boinn is na sála |