Інформація про пісню На цій сторінці ви можете ознайомитися з текстом пісні Neansai Mhile Gra , виконавця - Clannad. Пісня з альбому Clannad In Concert, у жанрі Кельтская музыка Дата випуску: 19.06.2005 Лейбл звукозапису: Shanachie Мова пісні: Ірландська
Neansai Mhile Gra
(оригінал)
A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruinneall 'tá gan smál
Go bhfeice mise’n t-ádh 'gus an séan ort
Ba ghile do dhá láimh ná cúr geal na trá
Ná'n eala 's í a' snámh ar an Éirne
Is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht
Is binne liomsa tú ná na téadaí
'S mur' n-éalaí tusa liomsa titfidh mé i lionndubh
'Gus cuirfear insa chill 'do dhéidh mé
Is iomaí sin guth mná a chluinimse 'ngach aird
Abhus agus taobh thall den Éirne
Go Corcaigh na gCuan 's go Béal Ath' na Sluaigh
'Sí Neansaí 'thug bua ar a' méid sin
A Mhuire 'gus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é'r saol
Dá mbeinnse agus í le chéile?
Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó mise 'gus mo rún
Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe
Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach