Інформація про пісню На цій сторінці ви можете ознайомитися з текстом пісні Seachrán Charn tSiail, виконавця - Clannad.
Дата випуску: 19.08.2003
Мова пісні: Ірландська
Seachrán Charn tSiail |
Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail dom |
Go haonach bliantúil n Féil' Muire Mó |
Tharla an ainnir as an taobh aniar dom |
Is í go cianmhar 'gabháil tharam sa ród |
Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim |
Mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól |
Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal |
Le taobh 'ach dealramh 'raibh ina grua mar rós |
Bheannaíos féin go preab don mhaighdean |
Agus feasbhaidh céille ní raibh in mo ghlór |
D’fhiafir mé féin dí 'raibh aon fhear in Éirinn |
A ghlacfadh sí 'e roghain orm ins an ród |
D’fhiafir sí domhsa cá raibh mo léine |
Mo bhuig, mo bhéabhar, 's gan fiú na mbróg |
Go mb’annamh a chonaic sise sac ma éideadh |
Ar fhear ag bréagadh cailín óg |
Níl siúd áit ó íochar Fhanad |
Nach bhfuil mé i ngrá le bean nó dhó |
Bean sna Rosa thiar i Mín na Manrach |
Ó thaobh Ghleann Átha 'go dtí 'n Mhucais Mhór |
Dís i mBaoilleach, dis i mBáineach |
Bean in Árainn 's a chois Ghaoth Dobhair |
Ó Leitir Ceanainn go dtí mullach Gháigin |
'S go Curraoin Mhanuis a chois an róid |
Bhí mé ar an Mhuine Mhór is i gCaisleán Cába |
I mBaile Uí Dhalaigh is i Lios na Sciath |
Bhí me i Muineachán agus ar an Ghráinsigh |
Is ag Droichead Chúil Áine le corradh is bliain |
Aréir a tharlaigh i nDroichead Átha mé |
'S anocht atá mé fá Charn tSíail |
'S anois más roghain leat ar fhearaibh Fáil mé |
Seo mo lámh duit, bíom ag triall |