| Céad slán ag sléibhte maorga
| Сто прощань на величних горах
|
| Chondae Dhún na nGall
| Округ Донегал
|
| Agus dhá chéad slán ag an Earagal árd
| І двісті прощань на високому Еррігалі
|
| Ina stua os cionn caor 's call
| В його арці над ягідним кличем
|
| Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúich
| Коли я рухався навколо озера Данлеві
|
| Go ciún 'sa ghleann ina luí
| Тихо в долині лежить
|
| I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
| Позаду мене стояв Глеаннтайн Глас Гаот Добхайр
|
| Is beag nár bhris mo chroí
| Моє серце мало не розірвалося
|
| Ag taisteal domh amach fríd chnoic Ghleann Domhain
| Подорожуючи мене пагорбами Глибокої долини
|
| 'S an Mhucais ar mo chúl
| З Муком на спині
|
| Ní miste domh 'ra le brón 's le crá
| Я не проти сказати з сумом і болем
|
| Gur fhreasach a shil mise súil
| Це відкриття для очей
|
| Go 'Meiriceá siar, a bhí mo thriall
| На захід Америки була моя подорож
|
| I bhfad thar an fharraige mhór
| Далеко за відкритим морем
|
| D’fhag mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall
| Я на деякий час попрощався з Донеголом
|
| 'S ag Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
| І в Gleanntáin Glas Ghaoth Dobhair
|
| Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh
| Моїм бажанням було ніколи не виїжджати
|
| Ó m' thír bheag dhílis féin
| З моєї вірної маленької країни
|
| Ach trom lámh Gall, le cluain
| Але важка рука Галла, з плащем
|
| 'S le feall, a thiomáin mé i gnéill
| І з зрадою гнав я в кайданах
|
| B'é rún mo chroí-se pilleadh arís
| У моєму серці було бажання повернутися
|
| Nuair a dhéanfainn beagán stór
| Коли я роблю маленький скарб
|
| 'S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil
| Це кінець мого життя з моєю любов'ю
|
| Fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair
| Фа Гхлеаннтайн Глас' Гаот Добхайр
|
| Slán, slán go fóill a Dhún na nGall
| До побачення, до побачення, Донегал
|
| A chondae shéimh gan smál
| Ніжний, бездоганний округ
|
| 'S dod gheara breá in am an ghá
| І ваше спорядження ідеальне в час потреби
|
| Nár umhlaigh riamh roimh Ghall
| Ніколи не вклонявся перед іноземцем
|
| Tá áit i mo chroí do gach fear 's gach mnaoi
| У моєму серці є місце для кожного чоловіка і кожної жінки
|
| 'S gach páiste beag agus mór
| І всі діти маленькі і великі
|
| Áta beo go buan, gan bhuairt, gan ghruaim
| Жити вічно, без турбот, без мороку
|
| Fá Ghleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair | Gleanntáin Glas Ghaoth Dobhair |